Loch Bran

Anois tá tú ag amharc ó dheas anonn ar Loch Bran, a hainmníodh as ceann de na cúnna móra a bhí ag an laoch Ghaelach, Fionn Mac Cumhaill. Ba leanaí daonna iad Bran agus a dheartháir Sceolán a cuireadh i gconriocht - is é sin go ndearnadh madaidh daofa - sular rugadh iad. I scéal áitiúil insítear faoin dóigh a bhfuair Loch Bran a ainm ó eachtra miotaseolaíochta nuair a bhí Fionn agus Bran sa tóir ar fhia nó damh alla. Sa bhéaloideas ba neach draíochta a bhí sa damh, a raibh baint aige leis an lucht sí agus b'fhéidir gur iarsma de scéal níos faide sa traidisiún seo é scéal seo na seilge. D’imigh an damh seo as radharc go mistéireach isteach sa talamh, ach níor ghéill an cú agus thosaigh sé a thochailt síos ina dhiaidh. Líon an poll le huisce agus báitheadh an cú, ach, ar ndóigh d’fhan an damh faoin talamh. Tugadh Loch Bran ar an loch agus Droim nDamh ar an droim in aice láimhe. Deirtear gurb é an cnoc díreach ó thuaidh ar a bhfuil tú i do sheasamh carn carta pholl an locha agus Mullach Bhrain a chuirtear air. 
 
Inniu is sampla ar dóigh é Loch Bran d’idirsheascann, le talamh portaigh íseal timpeall air.  Den chuid is mó is é sfagnam (nó caonach móna, grabhróg mhóna nó súsán) an fásra atá ann. Is é carnadh an tsúsáin seo sa bhogach i gcaitheamh na gcéadta bliain a dhéanann móin. Tá súsán cosúil le spúinse agus súnn sé isteach suas le 20 oiread a mheáchain féin d’uisce. Cinntíonn sé seo go mbíonn dromchla an phortaigh fliuch. Tá tábhacht iontach mór le portaigh na hÉireann ó thaobh uisce a thaisceadh ó cheathanna troma, ansin é a scaoileadh go mall. Bhí, gan amhras, tionchar carnach na draenála ar ár bportaigh in Éirinn ina chúis amháin le mórthuilte ar ár dtalamh feirmeoireachta agus inár mbailte móra le tamall de bhlianta.
 
Is iomaí sin dóigh thraidisiúnta ar féidir sfagnam a úsáid. Tá tréithe antaiseipteacha ann agus cuireadh ar chréachtaí é sa chéad agus sa dara cogadh domhanda.
 


Fón: 028 7954 9978 | Ríomhpoist: eolas@drumnaph.org
15 Br Leath Chiana Machaire Rátha Co Dhoire BT46 5PB
Coiste Forbarttha Charn Tóchair