Dorchlaí Dúlra

Tá tú anois in aice le seanfhál a bhí idir dhá pháirc tráth, ach atá anois i lár na coilleadh nua. Cé go bhfuil roinnt  fál ársa ar theorainneacha bailte fearainn agus ar theorainneacha seandúichí na gclanna ann, níor cuireadh an chuid is mó de na fálta i nDoire Theas go dtí luathbhlianta an 19ú haois le páirceanna a dhruidim isteach. Is cinnte go bhfuil an fál seo sean, ach ní dóiche go bhfuil sé ársa. Ach is gnáthóg iontach luachmhar é go fóill, lena sceacha aibí, an chorrfhuinseog le driseoga ar an imeall, ina bhfuil rath ar phlandaí, feithidí, éanacha agus mamach. 

Fón: 028 7954 9978 | Ríomhpoist: eolas@drumnaph.org
15 Br Leath Chiana Machaire Rátha Co Dhoire BT46 5PB
Coiste Forbarttha Charn Tóchair