Ciorcal Cloch

Tá tú i ndiaidh teacht go dtí ráth a gcuireann muintir na háite Lios na Sí air. Is ionann lios agus ráth, agus baineann an lios seo leis an lucht sí. De réir an tseanchais ní cóir an focal “sí” a rá os ard nó bheadh sé sin dímheasúil agus d’fhéadfadh sé drochádh a tharraingt ort. Cuirtear síos ar mhuintir sin an tsaoil úd eile mar ‘na daoine maithe’. 

Díreach trasna ó Lios na Sí tá ciorcal cloch. Cuid dár n-oidhreacht iad na ciorcail chloch agus cuireann siad i gcuimhne dúinn ár naisc lenár sinsir na mílte bliain ó shin. Bunadh na háite a chruthaigh an ciorcal cloch nua seo in ómós don bhéaloideas sa cheantar . Léiríonn an tsnoíodóireacht ar na clocha traidisiúin, stair, scéalaíocht agus cultúr an phobail timpeall ar Dhroim nDamh agus an mhórcheantair.
 

Tá cloch amháin ar an bhfuil claíomh mór, cruit agus tríchosóg greanta uirthi. Tá an claíomh ann ar son cath a bhí sa cheantar i bhfad i bhfad ó shin idir clann Mhic Lochlainn agus muintir Uí Néill inar maraíodh an taoiseach Niall Mac Lochlainn. De réir an tseanchais ainmníodh an baile fearainn Sleacht Néill as carn cuimhneacháin don taoiseach atá istigh ann. Tá an chruit ann ar son thraidisiún fada an cheoil Ghaelaigh sa cheantar atá ag teacht chun cinn arís. Is comhartha é an tríchosóg a mbaineann muintir Uí Chaoilte feidhm aisti ar son Néill Uí Chaoilte, duine áitiúil a ghreann an chloch seo. 
 

Léiríonn an chloch le madadh allta agus iolar scéal ó bhaile fearainn in aice láimhe, Alt an Mhadaidh Bhacaigh. Chuidigh seanbhean a bhí ina cónaí sa ghleann le madadh alla nó mac tíre a bhí gortaithe. Chuir sí dóigh ar a chréachta agus thug sí aire dó go raibh sé ar a sheanléim arís. D’imigh an madadh allta agus chan fhaca an tseanbhean riamh arís é. Tamallt ina dhiaidh sin bhí síobadh mór sneachta ann. Bhí an gleann blocáilte agus cailleadh a lán daoine le fuacht agus le hocras, gan iad a bheith in ann bogadh as a dtithe. Le linn an ama seo chonacthas madadh alla aonair gach lá ag fágáil giorria ag doras na seanmhná go dtí gur choscair an sneachta. 

Tá an t-iolar ann ar son Ghleann an Iolair. Chan fhuil ach aistear beag gairid suas go Gleann an Iolair siar ó thuaidh thar an tsliabh. 
 

Seasann an chloch leis an chú agus an damh ar son an chnoic sa tearmann, Droim nDamh. Is é an madadh cú draíochta Fhinn Mhic Cumhaill, Bran, a fuair bás, deirtear, le linn dó bheith ag seilg an daimh dhraíochta. Cuimhnítear air ag Loch Bran sa tearmann. Loingeach iontach contúirteach atá sa loch anois, nó tá sé plúchta le fásra le himeacht na gcéadta bliain. 
 

Ar an cheathrú cloch chímid Seán Crosach Ó Maoláin, fear de bhunadh na háite a chaith a shaol ina ropaire go luath san ochtú haois déag. Mac le feirmeoir tionónta a bhí i Seán, ach d’imigh sé ar a sheachnadh nuair a díbríodh a theaghlach óna bhfeirm bheag agus é i dtús a shaoil. Dálta cuid mhór Gael cha raibh an dara suí sa bhuaile ag Seán ach dul a chónaí ar imeall an tsaoil úir iarphlandála seo gan é a bheith toilteanach géilleadh do na tiarnaí talaimh ar dhearc seisean orthu mar ghadaithe talaimh ar ghlac a muintir seilbh ar thailte Uladh corradh beag agus céad bliain roimhe sin. Is minic a thug Seán cuid mhór dar ghoid sé do bhochtáin an cheantair. 

I gceann de na scéalta is mó iomrá ar Sheán ríomhtar mar a d’éalaigh sé ó shaighdiúirí Shasana nuair a bhí siad á thabhairt go Doire lena thriail. Agus iad ag dul thar Shliabh Charn Tóchair d’iarr Seán ar na saighdiúirí na glais a bhaint de go dtaispeánfadh sé daofa trí léim a chuirfeadh iontas an domhain orthu. Chuir sé lena fhocal nó léim sé trí iarraidh agus thug sé na bonnaí dó síos na fargáin chun na saoirse agus na saighdiúirí sna sála air. Níos faide anonn sa tóir rinne Seán léim eile anonn an aill ag Coill an Easa, áit ar a dtugtar ‘Léim Sheáin’ go dtí an lá atá inniu ann. 
 

Déanann an chéad chloch eile, leis an bhradán, an long agus an ghrian, comóradh brónach ar na mílte ón cheantar agus, leoga, na milliúin Gael arbh éigean daofa imeacht óna dtailte, óna muintir, óna dteanga agus óna gcultúr lena ndóchas a chur i saol níos fearr ar an choigrígh thar sáile agus ar chúl luí na gréine, gan pilleadh aríst go deo. 
 

Ar an chloch dheireanach tá comharthaí ár seansinsear, an mhuintir a cheap ogham craobh, an córas scríbhneoireachta agus aibítir bunaithe ar ainmneacha na gcrann. Litríonn na hiogaí ar imeall na cloiche Droim nDamh scríofa in ogham. Tá na comharthaí cuacha bunaithe ar shnoíodóireacht ársa chomh maith ar charraigeacha ar fud Éireann agus níos faide i gcéin, ag comóradh arís na gcultúr agus na dtreibheanna ársa atá againn siar fríd am. 

 

Fón: 028 7954 9978 | Ríomhpoist: eolas@drumnaph.org
15 Br Leath Chiana Machaire Rátha Co Dhoire BT46 5PB
Coiste Forbarttha Charn Tóchair